Misean na n-oifigí idirchaidrimh

Tá Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa freagrach as gníomhaíochtaí cumarsáide institiúideacha a chur chun feidhme go háitiúil, agus é mar sprioc dheiridh acu cur le feasacht daoine maidir le tionchar Pharlaimint na hEorpa ar a saol laethúil, agus a rannpháirtíocht i bpróiseas daonlathach na hEorpa a chur chun cinn.

Téann na hOifigí i dteagmháil leis na saoránaigh agus le geallsealbhóirí, déanann siad teagmhálacha a bhainistiú leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus cuireann siad tacaíocht ar fáil d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a sainorduithe oifigiúla sna Ballstáit.

Teagmháil leis na saoránaigh

Téann Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i dteagmháil leis an bpobal áitiúil agus cuireann siad le feasacht faoina bhfuil i gceist le Parlaimint na hEorpa, faoina ndéanann sí agus faoin seasamh atá aici, chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag plé na Parlaiminte ar shaol laethúil na saoránach.

Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Líonra de shaoránaigh leasmhara a chruthú, a mhéadú agus a spreagadh;
  • Feachtais chumarsáide a reáchtáil, lena n-áirítear imeachtaí agus taispeántais;
  • Díospóireacht a chur chun cinn faoi shaincheisteanna tráthúla a dtugtar aghaidh orthu ar leibhéal AE, i gcomhthéacs an rannpháirtíocht i ndaonlathas parlaiminteach na hEorpa a spreagadh;
  • Ról Pharlaimint na hEorpa a chur in iúl agus freagraí a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis.

Teagmháil le geallsealbhóirí agus iolraitheoirí

Tá údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla san áireamh le geallsealbhóirí chomh maith le grúpaí den tsochaí shibhialta, líonraí, cumainn, múinteoirí, scoileanna, ollscoileanna, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí earnálacha, comhlachtaí AE, etc. Déanann na hoifigí idirchaidrimh caidrimh le geallsealbhóirí straitéiseacha a fhorbairt agus a chothú.

Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Díospóireachtaí faoi reachtaíocht Eorpach agus faoi obair reachtach na bhFeisirí a chur chun cinn;
  • A áirithiú go bhfaigheann geallsealbhóirí faisnéis spriocdhírithe faoi réimsí ar dá gcúram go sonrach iad;
  • Obair le múinteoirí agus eagraíochtaí acadúla agus trí acmhainní oideachais a chur ar fáil;
  • Páirt a thabhairt dóibh agus tacú leo i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn luachanna AE agus an daonlathais
  • Teagmháil a dhéanamh le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit.

Teagmháil leis na meáin

Cuireann na hoifigí idirchaidrimh nuacht, díospóireachtaí agus cinntí an Aontais ar fáil go réamhghníomhach do na meáin náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus speisialaithe.

Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Cúnamh a thabhairt d’iriseoirí ina gcuid oibre agus iad a chur ar an eolas faoi thionchar na saincheisteanna Eorpacha;
  • Seimineáir a eagrú d’iriseoirí, agus cuireadh a thabhairt dóibh gníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa a chlúdach;
  • Deiseanna meán a chruthú do na Feisirí sna meáin náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus speisialaithe;
  • Monatóireacht a dhéanamh ar mhíchruinneas agus nuacht mhíthreorach faoi Pharlaimint na hEorpa, agus an scéal a chur ina cheart.

Cúraimí eile

  • Tacaíocht a thabhairt do chuairteanna na bhFeisirí a bhfuil ról institiúideach ag baint leo agus tacaíocht a thabhairt do thoscaireachtaí agus misin pharlaiminteacha oifigiúla;
  • Comhoibriú le hIonadaíochtaí an Choimisiúin agus le hIonaid Faisnéise Europe Direct.

lecheile.eu

Tá daoine cosúil leatsa ag seasamh an fhóid chun beart a dhéanamh le haghaidh todhchaí níos fearr a bhaint amach. Glac páirt sa phobal, bíodh sé trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil nó trí chabhrú le tábhacht na vótála a chur chun cinn. Cloisimis uait faoin Eoraip!

Bí páirteach sa phobal! Bí páirteach sa phobal!

Maidir leis an bParlaimint

Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa don díospóireacht pholaitiúil agus don chinnteoireacht ar leibhéal AE. Toghann toghthóirí i ngach Ballstát Feisirí Pharlaimint na hEorpa go díreach chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na ndaoine.

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Maidir leis an bParlaimint

Faigh amach faoi thairiscint Pharlaimint na hEorpa do dhaoine óga

An dteastaíonn uait bualadh le daoine nua, taisteal agus taithí nua a bheith agat? An bhfuil smaoineamh agat a d’fhéadfadh an Eoraip a athrú, nó an dteastaíonn uait níos mó a fhoghlaim faoi conas a oibríonn daonlathas na hEorpa? Cibé rud atá uait, tá rud éigin ag tarlú i bParlaimint na hEorpa – agus tugtar cuireadh do gach duine.  

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Youth Hub

Na nithe a dhéanann an Eoraip dom

Conas a théann an Eoraip i bhfeidhm ar ár saol laethúil? Cén tionchar a bhíonn ag an Eoraip ar ár bpoist, ár dteaghlaigh, ár gcúram sláinte, ár slándáil, ár roghanna tomhaltóirí agus ár gcearta sóisialta? Faigh amach faoi dhea-thionchar an Aontais Eorpaigh i do réigiún agus i do shaol laethúil. 

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Na nithe a dhéanann an Eoraip dom